Club Chonradh na Gaeilge

Club Chonradh na Gaeilge Club lán-Ghaeilge i gcroílár Bhaile Átha Cliath Irish language pub in the heart of Dublin Stephen's Green end).

Táimid lonnaithe i lár na cathrach ag 6 Sráid Fhearchair cúpla méadar ó Fhaiche Stiabhna. Is áit iontach é Club Chonradh na Gaeilge chun do chuid Gaeilge a úsáid. Má tá pionta blasta agus comhrá maith i nGaeilge uait, buail isteach, beidh céad míle fáilte romhat! We are located in the centre of Dublin on 6 Harcourt Street (at the St. Club Chonradh na Gaeilge is the perfect place to use your Irish. If you fancy a good pint and a nice chat in Irish, drop in – Beidh céad míle fáilte romhat!

🚍 Bus an Chlub chuig Féile na Gealaí 🌙Fágfaidh an bus 6 Sráid Fhearchair (D02 VH98) ag 15:00 Dé hAoine 5 Meitheamh agus ...
30/05/2026

🚍 Bus an Chlub chuig Féile na Gealaí 🌙

Fágfaidh an bus 6 Sráid Fhearchair (D02 VH98) ag 15:00 Dé hAoine 5 Meitheamh agus fillfidh sé ag 12.00 Dé Domhnaigh 7 Meitheamh.

€25 ar thicéad fillte nó €20 do bhaill (seiceáil do ríomhphost). Tá spásanna teoranta ann, mar sin, faigh do thicéad go luath.

Ticéid ar fáil sa nasc sa bhio 🔗

Gach eolas faoin bhféile ag

Beidh bus á eagrú ag an gClub chuig Féile na Gealaí i mbliana, 5-7 Meitheamh, i Ráth Chairn glas na Mí. Fágfaidh an bus ...
14/05/2026

Beidh bus á eagrú ag an gClub chuig Féile na Gealaí i mbliana, 5-7 Meitheamh, i Ráth Chairn glas na Mí. Fágfaidh an bus 6 Sráid Fhearchair (D02 VH98) ag 15:00 Dé hAoine 5 Meitheamh agus fillfidh sé ag 12.00 Dé Domhnaigh.

€25 ar thicéad fillte nó €20 do bhaill (seiceáil do ríomhphost). Tá spásanna teoranta ann, mar sin, faigh do thicéad go luath.

*Faigh ticéad bus anseo: https://www.tickettailor.com/events/clubchonradh/2209372*

Gach eolas faoi Fhéile na Gealaí ag www.instagram.com/feilenagealai/

Tá an Club ag dul go hInis Meáin 🌊🛳️Tá muid ag eagrú turais go hInis Meáin ar an 29ú Bealtaine go 1ú Meitheamh 2026.Tá g...
13/04/2026

Tá an Club ag dul go hInis Meáin 🌊🛳️

Tá muid ag eagrú turais go hInis Meáin ar an 29ú Bealtaine go 1ú Meitheamh 2026.

Tá go leor imeachtaí pleanáilte againn i gcomhpháirt le Comhlacht Forbartha Inis Meáin is beidh ardspraoi againn ar an oileán don deireadh seachtaine. I measc na n-imeachtaí, beidh rang agus seisiún amhránaíochta, turais go dtí Teach Synge agus Dún Chonchúir, Súilóid threoraithe agus imeachtaí eile le muintir an oileáin. Dár ndóigh beidh neart craic san áireamh chomh maith!

Tá méid teoranta spásanna ann don turas seo. Tá lascaine 10% ar fáil do bhaill reatha an Chlub. Déan cinnte do ríomhphost a sheiceáil i gcomhair an chóid.

🔗nasc sa linktree🔗

Póstaer: .ealain

Oíche Chluichí in Token👾🕹️Bígí linn le haghaidh oíche chluichí in Token (Cearnóg Theach an Chustaim), Dé hAoine 24 Aibre...
04/04/2026

Oíche Chluichí in Token👾🕹️

Bígí linn le haghaidh oíche chluichí in Token (Cearnóg Theach an Chustaim), Dé hAoine 24 Aibreán ón 7pm ar aghaidh.

Bia agus deoch, seanchlasaicí arcade, Mario Kart, caitheamh saighead, agus go leor eile. Craic agus cluichí i measc na nGael. Bígí ann!

€8 ar thicéad nó €5 do bhaill reatha (seiceáil an ríomhphost le haghaidh cód lascaine).

Address

6 Sráid Fhearchair
Dublin
D02VH98

Opening Hours

Monday 8pm - 11:30pm
Tuesday 8pm - 11:30pm
Wednesday 8pm - 11:30pm
Thursday 8pm - 11:30pm
Friday 8pm - 12:30am
Saturday 8pm - 12:30am

Telephone

+35314751480

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Club Chonradh na Gaeilge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Restaurant

Send a message to Club Chonradh na Gaeilge:

Share

Category